Toghcháin do Pharlaimint na hEorpa 2019

Oifig an Cheann Comhairimh Áitiúil Eorpach
Sinead McNamara,
Urlár 3, 6 Lapps Quay, Co. Chorcaí. T12 XHE6
Email: This email address is being protected from spambots. You need JavaScript enabled to view it.
Tel: (021) 4272220

Dáta:4/5/2019

A Chara,

Tugaim leis seo fógra duit go ndéanfaidh mé –

  1. Páipéir bhallóide a eisiúint chuig postvótálaithe ag Oifig an Cheann Comhairimh, Urlár 3, 6 Lapps Quay, Co Chorcaí ar an 8 lá de Bealtaine 2019 ag 12:00 meán lae. Féadfaidh tú 2 gníomhaire a cheapadh chun bheith i láthair. Ba chóir a n-ainmneacha agus a seoltaí a thabhairt dom i scríbhinn tráth nach déanaí ná an t-am chun tús a chur le heisiúint páipéar ballóide chuig postvótálaithe.
  2. Na boscaí postbhallóide a oscailt ag Coimpléasc CLG Mhala ar an 24ú lá de Bealtaine 2019 ag 6:30 p.m. Féadfaidh tú 2 gníomhaire a cheapadh chun bheith i láthair. Ba chóir a n-ainmneacha agus a seoltaí a chur chugam i scríbhinn dhá lá oibre glan ar a laghad roimh an lá vótaíochta.
  3. Tús a chur le fíorú na bpáipear ballóide ag 9 a.m. an lá i ndiaidh an lae vótaíochta ag
    • Coimpléasc CLG Mhala , Bóthar Naomh Seosamh,, Mhala, Co Chorcaí.
    • Halla pobail Chloich na Coillte, College Grove Cloich na Coillte, Co Chorcaí.
    Féadfaidh tú 2 gníomhaire a cheapadh chun bheith i láthair. Ba chóir a n-ainmneacha agus a seoltaí a chur chugam dhá lá oibre glan ar a laghad roimh an lá vótaíochta.

Ba chóir ainm aon ghníomhaire pearsanaíochta a bheidh ceaptha agat agus an stáisiún vótaíochta ar a leithroinntear é/í a chur in iúl dom dhá lá oibre glan ar a laghad roimh an lá vótaíochta.

Mise le meas,

Sinead McNamara

An Ceann Comhairimh Áitiúil Eorpach